Donegal County Council Logo
Home > Your Council > Communications Office > Press Releases 2022 > September

09/09/2022 - Harry McCann to visit EUROPE DIRECT Letterkenny

Harry McCann to visit EUROPE DIRECT Letterkenny image

 

EUROPE DIRECT Letterkenny, based in Central Library, will host award-winning entrepreneur and journalist Harry McCann on Wednesday 21st September at 2.00 pm. The event will be free and refreshments will be provided. Booking is essential.

 

Harry McCann has established himself as a powerful voice for youth across the globe. Harry will speak about the opportunities in Europe for young people and the European Year of Youth. Harry made headlines around the world when he started his first business, Kid Tech, to teach children how to code. This early success earned him the title of "Ireland's answer to Bill Gates".

 

​Building on his early success, Harry combined his passion for STEM and his experience in the technology industry to establish the first Digital Youth Council (DYC) in the world. For six years, the youth council helped give young people a voice in STEM and Education.

 

While under his leadership, the council formed partnerships with Accenture, Twitter, Facebook, and other industry leaders, including the Irish Government and European Commission. This innovative model, which Harry spent years developing, has since been replicated in the United Kingdom under the leadership of the Virgin Group.

 

​Coinciding with his work as an entrepreneur, Harry has been an influential voice in youth affairs. As an advisor to the European Union and the Irish Government, Harry has helped shape many important digital strategies and policies across Europe. He has received several awards in recognition of this work, including the JCI Outstanding Young Persons Award.

 

As a journalist, Harry has established himself as one of the most recognisable youth voices in the Irish media. He contributes to several national television and radio shows and regularly writes op-ed columns for the Irish Independent and thejournal.ie. As one of only twelve young journalists selected by the European Commission, Harry is also a member of the European Pool of Young Journalists.

 

Europe Direct Letterkenny is here to answer your questions on the EU and to provide:

 

  • Information on the European Union
  • Access to publications and brochures from EU institution
  • Access to PCs to search for EU material
  • A freephone link to the Europe Direct Helpdesk
  • Events, including talks, exhibitions and competitions.

 

To book this event please email [email protected]. Alternatively, you can telephone 074 91 24950 or call in to Central Library Letterkenny

This event is funded by the European Commission

 

 

 

 

 

Harry McCann chun cuairt a thabhairt ar EUROPE DIRECT i Leitir Ceanainn

 

Tá imeacht á reáchtáil ag EUROPE DIRECT Leitir Ceanainn, lonnaithe sa Lárleabharlann, ina mbeidh an fiontraí agus an t-iriseoir Harry McCann, a bhfuil duaiseanna buaite aige, ina aoi speisialta Dé Céadaoin an 21 Meán Fómhair ag 2.00 i.n. Saor cead isteach agus cuirfear sólaistí ar fáil. Tá sé riachtanach áit a chur in áirithe.

 

Tá Harry McCann tar éis clú agus cáil a thuilleamh mar urlabhraí deisbhéalach ar son an aosa óig ar fud na cruinne. Labhróidh Harry faoi dheiseanna san Eoraip do dhaoine óga agus faoi Bhliain Eorpach na nÓg. Bhí Harry go mór sa nuacht ar fud an domhain nuair a chuir sé tús lena chéad ghnólacht, Kid Tech, chun códú a mhúineadh do pháistí. Agus an rath seo air go hóg deirtí gurbh é “macasamhail Bill Gates in Éirinn” é.

 

​Agus é ag baint leasa as an rath a bhí air go hóg, chuir Harry an dúil a bhí aige sa ETIM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic) leis an taithí atá aige in earnáil na teicneolaíochta chun an chéad Chomhairle Dhigiteach na nÓg (DYC) ar domhan a chur ar bun. Ar feadh sé bliana, chabhraigh comhairle na nÓg cead cainte a thabhairt do dhaoine óga maidir le ETIM agus Oideachas.

 

Faoina cheannasaíocht, chuaigh an chomhairle i gcomhpháirtíocht le Accenture, Twitter, Facebook, agus ceannródaithe eile sa tionscal, lena n-áirítear Rialtas na hÉireann agus an Coimisiún Eorpach. Agus an múnla nuálaíoch seo á fhorbairt ag Harry leis na blianta, tá aithris déanta air sa Ríocht Aontaithe faoi cheannasaíocht an Ghrúpa Virgin.

 

​Agus é ag teacht lena obair mar fhiontraí, tá tionchar mór ag Harry ar chúrsaí a bhaineann le daoine óga. Ina ról mar chomhairleoir don Aontas Eorpach agus do Rialtas na hÉireann, bhí lámh ag Harry i gcuid mhaith straitéisí agus polasaithe digiteacha tábhachtacha a mhúnlú ar fud na hEorpa. Tá go leor gradam faighte aige mar aitheantas ar an obair seo, lena n-áirítear an Gradam do Dhuine Óg Éachtach de chuid JCI .

 

Mar iriseoir, tá dea-cháil bainte amach ag Harry mar cheann de na pearsana óga is aitheanta sna meáin in Éirinn. Bíonn sé mar aoi ar go leor clár teilifíse agus raidió náisiúnta agus scríobhann sé ailt tuairimíochta don Irish Independent agus don thejournal.ie. Agus é i measc an dreama bhig ar leith de dáréag iriseoirí óga a roghnaigh an Coimisiún Eorpach, tá Harry ina bhall den Bhuíon Eorpach d’Iriseoirí Óga.

 

Tá Europe Direct Leitir Ceanainn ar fáil chun do cheisteanna ar an AE a fhreagairt chomh maith le:

 

  • Eolas a thabhairt ar an Aontas Eorpach
  • Rochtain a thabhairt ar fhoilseacháin agus ar bhróisiúir de chuid na hInstitiúide Eorpaí.
  • Rochtain a thabhairt ar ríomhairí pearsanta le gur féidir cuardach a dhéanamh ar ábhar faoin AE
  • Nasc saorghlao chuig deasc chabhrach de chuid Europe Direct
  • Imeachtaí, lena n-áirítear cainteanna, taispeáintais agus comórtais.
  •  

Chun áit a chur in áirithe ag an imeacht seo seol ríomhphost le do thoil chuig [email protected]. De rogha air sin, is féidir glaoch ar 074 91 24950 nó buail isteach chuig an Lárleabharlann Leitir Ceanainn

 

Tá an ócáid seo maoinithe ag an gCoimisiún Eorpach

Rate this Page

Select an option below

Map Services

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO